Mo bheannacht le na buachaillí a dimigh uain thar sáile,
Ach dfág siad culaith dheas orm le dhul amach de domhnaigh,
Cóta mór go talamh agus bheiste den tsíoda láidir,
Bríste bhí san fhaisean agus bróga de'n leathar spainneach.
Curfa
Oró na buachaillí, na buachaillí bhí álainn,
Oró na buachaillí, na buachaillí bhí álainn.
Nuair a tchímsa an fharraige garbh ó sé mo chroí bíos cráite,
Ag saoineadh ar na buachaillí mar bhíonn siad ins na bádaí,
Ach guím-sa rí na naingeal sé shorcúios na pláinéid,
'S go dtuga sé slán na buachaillí ar chontúirt a bheith báite.
Curfa
Fuair mé litir as albain 's ní raibh sé in mo shásamh,
Gur pósadh na buachaillí ar chailíní na h-áite,
Ach ní nár mhaith linn acu iad dá mbeadh siad inar sásamh,
Ach cailíní na n-oiléan 's iad an dream a bhfearr linn.
Curfa
Tradução automática
Este recurso será adicionado em breve.
Em breve, o EMXStudio poderá gerar uma tradução automática desta letra usando uma API ou pacote de tradução.
A tradução aparecerá aqui de forma organizada, mantendo o mesmo estilo das letras revisadas.
Resultado automático
Esta letra foi encontrada automaticamente e pode precisar de revisão.
Quando ela for adicionada ao catálogo principal do EMXStudio, poderá receber tradução, correção, categoria, artista vinculado e informações completas.